School: Rann na Feirsde

Location:
Rinnafarset, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill

Filter stories

Back
/ 248 Forward
Resolution: Low | High
An Bhean Dhalba

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 193

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

An Bhean Dholba

Bhí rí ann fadó agus ní raibh de theaghlach aige ach triúr nigheanach. Bhí an bhean a b'óige aca iongantach dolba agus bhí an bheirt eile múinte, macanta. Ní íosadh an bhean dholba an t-arán agus ní ólfadh sí an tae a dheanfadh aon duine réidh go ndeanfadh sí féin réidh é.
Chuir a hathair fuagra sna paipéir ag rádh go dtabharfeadh sé an bhean dholba agus a trom féin óir leithe do'n fear a bheirfeadh leis í agus a phósadh í.
Lá amháin shuidh obridhe buachalla síos i chos balla a ithe an lóin a bhí leis agus chonnaic sé an fuagra anns an phaipéar a bhí thart ar a chuid aráin. D'imthigh sé sa bhomaite agus fuair sé beathadhach capaill, seabhac agus madadh ar iasacht.
Chuaidh sé annsin go caislean an ríogh ag marcaidheacht ar an chapall agus bhí an madadh agus an seabhac leis. D'innis dó'n..

(continues on next page)
Collector
Anna Ní Chrosáin
Gender
female
Address
Rinnafarset, Co. Donegal
Informant
Nuala Ní Dhuibheannaigh
Relation
relative (other than parent or grandparent)
Gender
female
Age
38
Address
Rinnafarset, Co. Donegal
Language
Irish