Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1
Má Théid tú 'un Aonaigh , bíodh an chaora leat, a h-olann a's a h-uan,
Má Théid tú 'un díomhnais, bíodh do mhian leat ar thoiseach a tsluaigh,
Bí aoibheamhail, lághach, caoidheamhail, 's na mealltar le sin thú,
Ní hé an mhaoin a bheirfheas i dtír thú, ach ar fheabhas mar bheas do mhéin.2
Teacht an earraigh ceannóchadh talaimh, agus fárus beag dom fhéin;
Tá mo mhuinntir 'gha shíor-mholadh domh, gur mhaith a dhéanfhainn é,
Níl ach toghad ar mhnáibh an domhain, 's bíodh do rogha bean agat fhéin,
Ní hé cruth ariamh a shanntuigh mé ach ar fheabhas 's bhí a méin.3
A Annsacht, cé'r bh'annsa leat bean eile agat na mé?
is duitse thug mé fancy i dtoiseacht mo shaoghail
Is duitse thug mé fancy nuair a bhí mé óg gan chéill,
Focal cainnte nach raibh ins an t-é sin a mholas duit ach mé.Peigí Ní Bhaoighill Loch an Iubhair a d'aithris 1923.- Faisnéiseoir
- Peigí Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall