Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 332
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Lá amháin bhí Fionn agus na Fianna amuigh ag seilg. Amach soir fá Dhún Luithce a bhí siad. Bhí caisleán annsin agus bhí cailleach bhréagach ann.”
(ar lean ón leathanach roimhe)an caisleán. bhí an chailleach thuas ar mhullach an chaisleáin agus í ina suidhe ar thubán agus paca cardaí aicí. Duine ar bith a deirfeadh leis an chailleach cluithche a imirt léite agus é a diultadh cuireadh sí faoi gheasa é agus ní bhriseadh aon dhuine na geasa sin ar feadh data éigin bliadhanta.
“A Finn Mic Cumhaill,” arsa sise, “is iomdha uair a chualaidh mé tracht ort ach gabh aníos annseo anois agus béidh cluithce againn"
“Ó, seadh” arsa Fionn, “ach goidé mar rachaidh mé suas ní fheicim dréimire ar bith fá’n áit”
Thóg an chailleach amach slat as an tubán agus chaith sí anuas chuig Fionn í. Bheir Fionn uirthí agus ní rabh greim aige uirthí nar thionntuigh sé ina faoileóg. Chuaidh sé suas ar éiteogaí suas go mullach an chaisleáin agus annsin buail an cailleach arais é leis an tslaitín draoidheachta agus thionntuigh sé ina fhear.
Chaith an chailleach thart na cardaí agus bhain Fionn an cheud agus an dara agus an treas cluithce. Bhí an cailleach ar an daoraidh le feirg agus dubhairt sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Cáilin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- An tSeanga Mheáin, Co. Dhún na nGall