Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 330
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí sin ann agus is fada o bhí; bhí fear ann uair amháin agus bhí neart airgid aige. Beirt ingneach a bhí aige; bhí cailín aca ar fostadh agus d'fhan an cailín eile ins an bhaile i gcomhnaidhe.”
(ar lean ón leathanach roimhe)D'innis sí a sgeal do o thús go deireadh.
"Annsin" arsa seisean "cuir igcás gur mise an fear a goid an t-airgead an aithneochta mé."
"lá" arsa sise a mbeidh aithreachas ar an té a mharbhuigh m'athair agus thiocfaidh an lá go foill a mbainfidh mise no Dia cuiteamh ar an té sin."
bhí dhá chead punta aici agus ní raibh snaithe eadaigh ar an bhean eile. bhíodh sise i gcomhnaidhe ag teacht isteach agus ag tabhairt eadaigh dithe. Bhíodh an fear ag tabhairt troda daobhtha i gcomhnaidhe agus bhíodh Sighle ag brath teacht 'un n-a bhaile an ní leighfeadh Máire dithe. Aon lá amháin thainic sé isteach agus bhí sé iongantach maith dobhtha.
Bhí buideal fona leis aon tráthnóna amháin agus ag am luighe thug sé gloine do gach duine aca. Chuaidh Sighle suas an staighre a luighe. Níor bh'fhada gur éirigh sí tinn agus thainic teas millteanach as a craiceann. Buaileadh ag an doras d'éirigh sí agus d'fhosgail sí é agus cé bhí ann ach Máire.
"A Shighle" arsa sise "tá mé ag brath imtheacht no chonnaic mé é ag cur nimh ins an dá ghloine punch a thug sé dúinn. Chaith mise mo chuid ins an teinidh ach d'ól tusa é, dean réidh agus bí ag teacht liom."
Rinne siad réidh thug siad leo a gcuid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cruach Phádraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann