Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 262
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí gasur ins an áit i bfad ó shoin agus bhí sé amuigh chois abhna. Thárla go dtáining Tighearna thart lá amháin agus cuir sé ceist ar an ghasúr cé an áit a bfeárr fághail anall ar an abhainn.”
(ar lean ón leathanach roimhe)tarraingt ar an chaisleán agus nuair a srioch sé é thug sé an leitir de duine de na giollaí.
Nuair a bhí an bliadhain thuas rinne an Tighearna réidh agus thug sé leis cúpla duine eile ach bhí an t-uncal ag an caisleán a roimpeadh agus dubhairt sé leis an gasúr a theacht no go rabh an long réidh anois. D’éirigh an gasúr chuaidh sé amach as an caisleán agus síos go dtí an cladach.
Bhí an long réidh le h-imtheacht anois nuair a léim an gasúr isteach ins an luing. Bhí an Tighearna ag teacht comhgárach anois agus nuair a bhí bratach Mheiriceá tógtha agus an gasúr ar bórd ní thiocfadh leis leis an Tighearna no le duine ar bith eile cosamhail leis é a thabhairt arais.
D’imthigh an gasúr amach as an tír agus anonn go Meiriceá leis.Sgéalaidhe Bríghid Ní Dhochartaigh Gaoth Dobhair.- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall