Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 243

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 243

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 243
  3. XML “An Gobán Saor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go bhfághadh an saor agus mac cead a gcinn.
    Fa chionn cupla lá bhí Gobán agus a mhac slán ins an bhaile, agus leigeadh cead a chin le mac an fhir uasail.
    Ina dhiaidh sin ní ba mhó bhí Gobán ag éirigh ró-aosta le n-a post a choinneail agus glac a mhac a áit. Am amháin sa draibh an mac i gConnachta mharbhuigh gaduidheanna é mar gheall ar airgead a bhaint de.
    Nuair a chualaidh a bhean an sgéal chuir sí uirthí áthrach éididh agus d’imthigh sí go Connachta ar lorg na ngaduidhthe. Indiaidh siubhal fada a chur thairsdí tháinic sí fhad leo agus iad istoigh i gcoillidh ag geárradh crann. Ní raibh dul aca crann mór a bhí ann a gheárradh. D’iarr sí ortha tuagh a tabhairt díthe-se. tugadh. Ghearr sí an crann agus chuir giota ádhmaid isteach faoi. D’iarr sí ar na gaduidheanna a gcuid lámh a cur isteach faoi agus é a coinneail suas. Annsin bhuail sí amach giota an ádhmaid, agus fágadh cuid lámh na ngaduidhthe goidhthe istoigh ann.
    Dubhairt sí leo gurbh’ ise bean an fir a marbhuigh siad-san, agus go gcuirfeadh sise deireadh leo anois. Bheir sí ar an tuaigh agus steall sí na cloigne dobhtha duine ar dhuine.
    Phill sí un an bhaile arís agus bhí luthghair mhór ar athair a céile nuair a chualaidh sé fa’n eacht a rinne sí.
    Sgéalaidhe: Antóin Breatnach, Áirdmhín, Clochán Liath.
    Scríobhneóir: Domhnall Breatnach, Áirdmhín, Clochán Liath, Tírchonaill.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Innéacs seanscéalta
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dómhnall Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Antóin Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall