Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 222
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear agus bean ann aon uair amháin, agus ní raibh bó ar bith aca. Dar leis an fhear go rachadh sé 'un an aonaigh agus go gceannochadh sé bó.”
Bhí fear agus bean ann aon uair amháin, agus ní raibh bó ar bith aca. Dar leis an fhear go rachadh sé 'un an aonaigh agus go gceannochadh sé bó. Ach ní raibh clog ar bith aca agus ní raibh a fhios aige caidé an t-am a n-imtheochadh sé ar maidin. Dubhairt an bean go dtabharfadh sé isteach an coileach agus go gcuirfeadh sí faoi cliabh é ag bun an urláir. Dubhairt sí nuair a scairteochadh an coileach an chead uair go mbéadh sé an do dhéag a clog ins an oidhche agus go scairteochadh sé ar ais ar an sé chlog.
Nuair a scairt an coileach an chead uair, mhusgail an fear agus síl sé gurb’é sin an dara h-uair a scairt an coileach. D’imthigh sé d’ith a bhricfeasta agus d’imthigh sé. Bhí siubhal fada aige le deanamh agus chuaidh sé trasna na gcnoc. Nuair a bhí sé ag barr cnuic chonnaic sé solus i bhfad uadh. Tharraing sé ar an tsolus. Nuair a tháinig sé go dtí an teach bhuail sé ag an doras agus leigeadh isteach é. Bhí giorsach agus gasúr annsin agus iad ag imirt deas. Chuir sé ceist ortha caidé an t-am a bhí sé agus dubhairt siad go raibh sé an dó a chlog ins an oidhche, agus dubhairt sé leo go gcaithfeadh sé a bheith ag imtheacht.
D’imthigh sé leis go dtáinig sé go dtí an dara teach. Bhuail sé ag an doras agus leigeadh isteach é. nuair a chuaidh sé isteach bhí fear agus bean annsin agus páiste indiaidh bás a fhághail. D’iarr an fear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Antoin Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 49
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall