Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 214

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 214

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 214
  3. XML “An Gearrán Bán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    glanta aicí dar léithe go gcuirfeadh sí síos a ceann go bhfeicfeadh sí goidé a bhí síos. Chuir sí síos a cos agus nuair a tharraing sí aníos í ní raibh uirthí ach fuil uilig.
    Thug sí leithe cadac agus sgála uisce agus nigh sí a cos go raibh sí tuirseach ach ag deireadh an ama sin b’eigean duithe stad; ní raibh sí ábalta an fhuil a nighe.
    Chuaidh sí amach a bhlighe na bó. Nuair a bhí sí ag teacht isteach bhí cat beag dubh ina suidhe ag an doras.
    “Tabhair damh braon báinne” arsa an cat.
    “A phéisteóg salach” arsa an cailín, “tá an bainne uilig de dhíth orainn fhéin.”
    “Maith go leor,” arsa an cat.
    Nuair a thainic an fáthach d’fhiafruigh sé do’n chailín ar ghlan sí na seomraí. Dubhairt sise gur ghlan.
    Chuir sé ceist uirthí an rabh sí ins an tseomra iochtarach. Dubhairt sise nach raibh.
    “Cuir amach do chosa” arsa an fáthach. Chuir sí amach ceann aca.
    “Tá sí sin bréagh glan” arsa an fáthach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Dhubhgáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Dhubhgáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    40
    Seoladh
    Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall