Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 210

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 210

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 210
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí ceathrar mac ann am amhain agus leag siad amach dóbhtha fhéin go rachadh gach fear aca a fhóghluim ceirde.

    Sgéal
    Bhí ceathrar mac ann am amhain agus leag siad amach dóbhtha fhéin go rachadh gach fear aca a fhóghluim ceirde. Maidín amháin d’éirigh an cheathrar aca go luath agus d’imthigh siad go dtáinig siad fhad le ceithre chroisbhealach. Sheasuigh siad annsin agus dubhairt an mac a ba sine go mbéadh siad ar shiubhal go cionn bliadhna agus lae. Sgar siad ó na chéile annsin agus chuaidh fear aca soir, fear aca siar, fear aca ó thuaidh agus fear aca ó dheas.
    Cha dteachaidh an chead fhear i bhfad gur casadh cearpantóir air a chuir ceist air goidé a bhí a dhith air. Dubhairt an buachaill go raibh sé ar lorg ceirde. “Má tá,” ars an cearpantóir, “tar liom-sa agus dheánfaidh mé an cearpantóir duit is fearr ar an domhan.”
    “Maith go leor,” ars an buachaill.
    Cha dteachaidh an dara fear i bhfad no gur casadh fear feasa air chuir ceist air an raibh obair a dith air. Dubhairt an buachaill go raibh. “Fan agam-sa,” arsa seisean, “agus dheánfaidh mé an fear feasa duit is fearr ar an domhan.”
    Casadh fear gunna ar an tríomhadh fear agus gunna aige. Dubhairt sé leis an bhuachaill fanacht aige-san agus go ndeánfadh sé an fear gunna do a b’fearr amuigh.
    “Maith go leor,” ars an buachaill.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0653: The Four Skillful Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Domhnall Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Niall Mac Cumhaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall