Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Thanaidhe
- XML Leathanach 075
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gó rabh seán mhuileann shuas annsin nár chás rotha lé dha chead bliáin agus é a bheith shúas aige sul a d’teighidh an ghrian i bhfgairrge. Chuaidh an gasur súas agus ní rabh ann ach gó rabh lorg an mhuilinn annsin. Rinne sé gó direach má rinne an cheud gasúr gó rabh an deich o’chlog ann agus annsin thainig inghean an cháilleach phisreógach amach lé na chuid tae chuige. Buachaill an dhoigheamhail a bhí ann agus dubhairt síse gó gcuideochadh sí léis an obáir a dheanamh. Chuir sí feadóg ina béal agus thainig na saoraidhthe a’s. chuir siad súas an muiléann, sheid sí an fheadóg aráis a’s. thainig eánlaith an domhain a’s chroith siad iad fhéin ar an mhuileann annsin bhí toigh cluimhraigh air gan bun chleite isteach a’s gán barr cléite amach ach achan chléite ag deanamh dín a’s fosgaidh, no bhí sín fosta san mhargadh.
Nuáir a thainig an trathnóna chuaidh an gasúr síos chun toighe. D’fiafruigh an maighistir de an rabh an muileann shúas aige. Dubhairtn sé gó rabh. Chuaidh sé súas gó bhfaca sé é a’s dubhairt sé gó dtearn sé a chuid oibre maith go leór. Maidín la-ar-na-bharach nuáir a d’éirigh an gasúr, d’iárr an maighistir air na ballogaí sin a thabhairt léis chun aonaigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Duibheannaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peadar O Duibheannaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Dhún na nGall