Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Thanaidhe
- XML Leathanach 054
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ag Déanamh Coinnle.
I bfad o shoin nuair nach rabh lampaí ar bith sa tír bá gnáthach leis na daoiní gléas soluis a dheanamh. Tharraingeochadh siad gráinín feaga agus d’fagfadh siad áit eighinteacht iad mbéadh siad feoidhte go maith, annsin gheobhadh siad leadhb ime no geireach agus léigheadh siad é i miasc agus cháithfeadh siad na feaga isteach ann acht roimhe sin bhainfeadh siad deireadh an craiceann glas daobhtha. Annsin nuair a bhéadh siad tamailt ann thógfadh siad amach iad agus cróchfaidhe o’s cionn na teineadh iad agus achan oidhche ní rabh le déanamh acht ceann a tharraingt amach agus é a shaitfeadh síos i spadair móna agus mhairfeadh sin go h-am codlata.Bhí gléas eile solus acu i bfad o shoin sé sin gheobhadh siad gíota dé guimhais maith tirim a bhéadh feoidhte go maith agus sháithfaidhe sin síos i fád mónadh agus nuair a bhéadh sé dóighte go dtí an fód rachadh siad a luighe, corr uair bhéadh coinnil leith-phighinn acu as is iongantach annamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Aodh Mac Criada
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Dhún na nGall