Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)

Suíomh:
An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Coilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 249

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 249

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullanmore
  2. XML Leathanach 249
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    áit a rabh an triur fear ag obair ag déanamh poitín. Chuir sé scraith glas ar mhullach na teineadh sa doigh nach dtiocfadh toit ar bith as. Nuair a tháinig na saighdiúirí ar amharc níor (thug) siad dadaidh fa dear nuair nach raibh toit ar bith ann agus d'imthigh leobtha go barr na h-Abhna Gairbhe. Bhí fear a rabh braith milte sa teach aige agus bhí beirt fear ag mileadh sa chró. Bhí sé ag teacht an uair seo le dinnéir na bhfear; tuban preataí agus gogan bainne mhilis. Nuair a chonnaic sé na saighdiúirí ag teacht chaith sé an bainne agus na preataí ar an talamh agus thug sé na fir amach as an chró slán. Sgab na saighdiuirí an braith agus d'imthigh siad annsin agus d'ith siad na preataí agus d'ól siad an bainne. Annsin bhris siad an tuban agus an gogan. D'imthigh leobhtha síos an Abhainn Gharbh; sgan siad an bhraith agus gach rud a dtáinig siad air. Fuair beirt fear de Chloinn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Gallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Seoladh
    An tArd Donn, Co. Dhún na nGall