Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Na Cruacha | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 205

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(gan teideal)

Tá loch amuig ag bun na gCruach Gorm agus sé an t-ainm atá air Loch Creachtha...

Tá loch amuigh ag bun na gCruach Gorm agus 'sé an t-ainm atá air Loch Creachtha ( Creabhtha).Is iomaí scéal iongantach atá le cloisint fá dtaobh de. Bhí fear ag cuartú caorach ann agus chonaic sé beathach capaill agus fionnadh ruadh air. Chuaigh sé anonn go bhfeicfeadh sé é. Nuair a chonaic an beathach é d'imigh sé isteach sa loch agus ní fhaca sé ní ba mhó é. D'imigh sé 'na bhaile agus d'inis se fán rud a chonnaic sé. Dubhairt a athair agus a mháthair gur each uisce a bhí ann.

Bailitheoir
Máire C. Ní Chinnéide
Inscne
baineann
Seoladh
Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge