Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 206
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí tailliúr agus a bhean na gcomhnuidhe ar an Ghrafaí uair amháin bhí lán toighe de clainn aca...”
Peadar Mac Diarmuid, An Crolac, An Coimín, Leithbheárr.
Aos-56
Mar ar leath 1.
D'innis clann Pheadair Mhic Dhiarmuid na scéalta seo agus sgríobh mé féin síos iad.Bhí táilliúir agus a bhean ina gcomhnuidhe ar an Ghrafaí uair amháin. Bhí lán toighe de chlann aca. San am sin ba ghnáthach le fear a mbeadh culaith éadaigh a dhíoghbháil air sgéal a chur chuig an táilliúir, rachadh seisean a fhad leis an teach, agus d'fhanfadh sé ann fhad is bheadh sé ag déanamh an chulaith.
Am amháin chuaidh an táilliúir seo amach thar na cnocaibh go Dún na nGall ar ghnaithe chulaith agus nuair a fuair sé a pháighe chuaidh sé ar an dreabhlas in áit pilleadh arais na bhaile leis an airgead agus é a dhíoghbhail go géar. Sa deireadh chaill an bhean bhocht ? agus ar shiubhal léithi á chuartughadh.Casadh ar a chéile iad amuigh annsin ag an loch bheag atá ag taobh Loch Iadha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Diarmuid
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cruach Leac, Co. Dhún na nGall