Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 204

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 204

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cruacha
  2. XML Leathanach 204
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deirtear fá na Cruachaibh Gorma go bhfuil pota óir i bfolach san oileán agus gur saighdiúir de chlann Mhic Suibhne a gheobhas sa deireadh é. Tá cat ruadh ag coimheád an óir de lá is d'oíche . Caithfidh Mac Suibhne dul amach 'un oileáin i gcurrach agus fanacht amuigh trí h-oidhche. Caithfidh muc marbh a bheith leis agus ar an tríomhadh h-oíche lasfaidh sé teine, caithfidh sé a chóta ar charraig mhór agus caithfidh sé an mhuc sa teinidh.Rachaidh sé féin i bhfolach go gasta agus nuair a mhothuigheas an cat boladh na muice rósta tiocfaidh sé amach . Léimfidh sé ar an charraig agus gheobhaidh Mac Suibhne seans maith le na mharbhadh. Tógfaidh sé a chlaidheamh agus marbhfaidh sé é. Beidh an t-ór aige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire C. Ní Chinnéide
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Riáin, Co. Dhún na nGall