Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 204
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear fá na Cruachaibh Gorma go bhfuil pota óir i bfolach san oileán agus gur saighdiúir de chlann Mhic Suibhne a gheobhas sa deireadh é. Tá cat ruadh ag coimheád an óir de lá is d'oíche . Caithfidh Mac Suibhne dul amach 'un oileáin i gcurrach agus fanacht amuigh trí h-oidhche. Caithfidh muc marbh a bheith leis agus ar an tríomhadh h-oíche lasfaidh sé teine, caithfidh sé a chóta ar charraig mhór agus caithfidh sé an mhuc sa teinidh.Rachaidh sé féin i bhfolach go gasta agus nuair a mhothuigheas an cat boladh na muice rósta tiocfaidh sé amach . Léimfidh sé ar an charraig agus gheobhaidh Mac Suibhne seans maith le na mharbhadh. Tógfaidh sé a chlaidheamh agus marbhfaidh sé é. Beidh an t-ór aige.
- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall