Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seanchas i dtaobh na h-Aimsire1.Comharthaí fearrthaine
Fionnadh gabhair ar an spéir.
Cuma cómhgarach ar na cnocaibh.
Loinnir ins na carraigeacha.
An cat agus a cúl leis an teinidh
Tig fearrthain leis an ghaoith aniar.
An t-eallach a fhanacht amuigh go mall
Na caoraigh a theacht cómhgarach do'n teach agus iad cruinn le chéile.
Spearthai íseal
Na néaltaí ag siubhal go gasta.
An corr-mhónadh ag dul suas an abhainn. Na lacha ag screadaigh
Madadh ag ithe féir
Cat ag nighe a éadáin
Fáinne fa'n ghealach.
Grian buidhe ar maidín.
Bogha leac ar maidín
Athrughadh gaoithe. Siongáin ag gabhail that ar eiteógaí
Coileach fraoich ag scáirtigh.Comharthaí Sneachtadh agus Siocáin
Na cearca ag dul in áirde sna crannaibh
Na caoraigh ag dul suas go h-árd ar na cnocaibh.
Gaoth adthuaidh agus anoir. Ceo ar cnocaibh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall