Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 289
- XML “Dilín na mBacach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dillín-na-mBacach 21.11.37Go mbeannuighthear daoibh-se a cruadail beannuigh an toigh seo, tá mise ag teacht leis na trí gartha is mó a bhí i mbaile na in áit ariamh mar tá na gártha guibhe, na gártha maithe agus na gártha páidreacha- le bheith ag guidhe oraibh-se ag an teach sin dhonnchaidh an áit a mbíonn an crann críon ar maidín agus an t-ubhall glas tráthnóna.
Éirigh do shuidhe a bhean -a-toighe agus nar cradhaidh an riogh do chroidhe agus nar luighfidh mé ar leabaidh chruaidh gan tuighe aus nar caillfidh mé fear-a-toighe, agus nar tugaidh an diabhal na an deamhan uaidh é mar thug an preachan fada an t-éan o'n chirc buidhe. tabhair damh-sa beagan de'n bheagan agus morán den mhorán, léim ghirrfiadh de ime, lán mála uibheacha cearc, tachtadh na muice fireannach gruth cuid doirne tobac,mias(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall