Scoil: An Tulach Mór (uimhir rolla 6293)
- Suíomh:
- Tully More, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Bhrisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach Mór
- XML Leathanach 67
- XML “Seanscéaltaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéaltaí (ar lean)
“Bhi Fianna Éireann lá amháin ag sceilg ar sleibhte na nGleannta.”
(ar lean ón leathanach roimhe)bogan de’n croigean agus croigean de’n bhogan agus tobaracha fíor uisge i lár na gcnoc nglas, agus leag an t-sean-cailleach Goll Mac Morna. Bhain sí peire iallacha amach as a bróg agus cheangail sí a dhá láimh agus a dhá chois agus shuidh sí na mhullach ag ithe a ceathrúghadh.
Bhí oiread cead fear ‘san eile leith-mhear da rabh ar Goll Mac Morna. Níor innis Finn Mac Cumhail ariamh dó go rabh ar eagla go muirfead sé iomlan na Fiannaibh acht d’iarr sé amharc an dtiocfadh leis a chuid mhear a osgladh. Rinne Goll Mac Morna sin agus rinne sé Crioscaí de na cordai agus annsin rinne sé giotaí beaga do’n cailleach agus d’ith sé a ceathrughadh.
Annsin thainig fear dubh dorcha isteach agus madadh caol dubh leis. D’fhiafruigh sé an rabh madadh ar bith annseo a throidfeadh a mhadadh. Dubhairt Fionn Mac Cumhail go rabh agus thoisigh na madaidh ag troid. Mharbh an madadh caol dubh iomlan na madaidh eile. Nuair a chonnaic bran seo léim sé suas ar glúin Fhinn Mhic Chumhail agus thoisigh sé ag caoineadh. Bhí bróg nimhe ar bhran agus sgiob Finn Mac Cumhail an bhróg nimhe dithe agus d’iarr sé uirthi gan eagla air bith a bheith uirthi. “Ar ndoiche ar seisean nar mharbh tú an Rí cat cruachlan a bhí i gcruacha Connachta agus an torc nimhe a bhí i gcruacha Sligeach agus le sin léim bran ar an mhadadh chaol dhubh agus tharraing sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bean Uí Bhreisleáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Ghuibhir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargain Bhreac, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Mac Guibhir
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Leargain Bhreac, Co. Dhún na nGall