Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)

Suíomh:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Ceannfhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 249

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 249

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lougheraherk
  2. XML Leathanach 249
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear i nAlbain aon uair amháin agus bhí sé iongantach tughtha de'n ól. Chuaidh sé go teach taibhirne lá amháin agus níor stad sé de'n ól go rabh sé ar meisge.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    mé ar chor ar bith?”
    “Tá tú in ifreann”, arsa’n mianadóir, “agus má chluin an diabhal mór tú ní leigfidh sé amach thú go bráthach na breitheamh”.
    “’Bhfuil aon pighinn airgid fa do phócai?” arsa’n mianadóir.
    “Tá, seacht sgillinge agus sé pighne agam agus leath-phionnta biotailte”, arsa’n fear.
    “Tabhair damh-sa an t-airgead agus an biotailte agus leigfidh mé amach thú”, arsa’n mianadóir.
    Thug sé dó an t-airgead agus an bhiotailte agus d’fhág sé slán sábhailte ar mhullach an mhianaigh é.
    Albanach Buidhe a bhí ins an fhear seo agus mar gurab é an Domhnach a bhí ann láthair na bhárach chuaidh sé ‘un Teampaill. Bhí sé ag guidhe go duthrachtach agus ag tabhairt buidheachais fa mar réidhtiughadh é as an gcruadh-chás in a rabh sé an lá roimhe sin.
    Le sin, go díreach, thoisigh an ministir ag innse fa ifreann, agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Ceannfhaola
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Brian Ua hAodhagáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Srath na gCartán, Co. Dhún na nGall