Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 206
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann fad ó shoin agus phós sé bean. Ní rabh an bhean seo aige ach bliadhain go bhfuair sí bás agus d'fhág sí páiste giorrsaighe in a diaidh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)an t-sean chliobóg atá sa stábla, suidh ar a druim agus imthigh leat ‘un aifrinn fosda. Tá mac Riogh le bheith sa phobal agus an cailín is breaghta agus is doigheamhla a bhéas ann, tá sé le í a phósadh agus ar ndóighe, b’fheidir gur ionnat fhéin a chuirfeadh sé spéis.
Agus bhéarfaidh mise sean bhróga agus sean-stól duit agus nuair a rachas tú fhad le geafta thoigh’ an phobail fág an cliabóg in a seasamh ceangailte le giota rópa”. Rinne sí gach nidh dar iarr an t-sean bhean uirthi a dheánamh. Chuaidh sí ar a glúine taobh istigh de dhoras thoigh’ an phobail leis na droch éadaigh a bhí uirthi. Bhí an leas-mháthair agus a triúir ingheanach fhéin thuas ag riaghalacha na h-altóra agus iad cóirigh go péacach leis an uile chineal galantais ag dréim go sanntóchadh mac an Riogh bean aca. Nuair a bhí an t-aifreann thart agus an uile dhuine ag teacht amach as an phobal bhí an dílleachta bocht ag iarraidh a bheith ag teacht amach fríd na daoine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Giolla Easbuig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Mín na Saileach, Co. Dhún na nGall