Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 244
- XML “Seanscéal”
- XML “Síscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a mharbhadh anois agus braon de'n uisce a chur air. Marbhadh é acht níor cuireadh braon de'n uisce air. Pósadh Éiric agus inghean Rí an Domhain Thoir annsin. Mhair féasta na bainnse naoi n-oiche agus naoi lá agus ba í an oidhche dheireannach an oidhche b'fhéarr. Chaith an lanamhain saogha sona séanmhar i n-a dhiaidh sin.
- a mharbhadh anois agus braon de'n uisce a chur air. Marbhadh é acht níor cuireadh braon de'n uisce air. Pósadh Éiric agus inghean Rí an Domhain Thoir annsin. Mhair féasta na bainnse naoi n-oiche agus naoi lá agus ba í an oidhche dheireannach an oidhche b'fhéarr. Chaith an lanamhain saogha sona séanmhar i n-a dhiaidh sin.Siodh-ScealBhí baintreabhach ann aon uair amháin agus bhí dhá inghean aice. Bhí bean amháin aca iongantach deas ach bhí an bhean eile iongantach gránna. Bhi grádh mór ag an mháthair aar an bhean ghránna agus ní rabh meas ar bith aice ar an bhean dheas mar gur leas-inghean a bhí innte. Bhi ag an leas-inghean le ach uile rud ní ba chruaidh ná na chéile a dhéanadh agus bhí a inghean féin saor ó obair.
La amháín chuir sí an leas-inghean ammach a romhar an talamh le liaghan. D'imigh an créatúr agus níor stad sí a romhar go rabh an fhuil ag reathaidh le n-a chuid mear. Ni rabh sí i n-innibh níos mo a dhéanadh agus shuidh sí síos agus chaoin uisce a cinn. Nuair a d'amharc sí thart bhi i s-toigh i lár caoin uisce agus sgannruigh sí go mór. Shuncail sí síos go dtí go bhfuiar sí tóin agus nuair d'amharc sí thart chonaic sí go rabh sí sa pháirc ba deise dá leag sí cos ariamh air. Dar leithe go rabh ach uile rud(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Mac Niallghuis
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Dhún na nGall