Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 199

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 199

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 199
  3. XML “Síscéal”
  4. XML “Síscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Sa bomaite sin bhuail an t-uaigneas é. Sa deireadh thainig an fhuireann agus is air a bhi an t-áthas. Mhionnuigh sé nach bhfanochadh sé leis féin i mbád go deo arís. Chuaidh sé a dh'amharc ar an allt lá thar na bhárach ach ní rabh aon dhath air ach oiread leis an chead lá. Nuair a chonnaic sé seo ní dhearn sé aon mhaith ní ba mhó.
    Síodh-Sceal
    Bhí buachaill ann fad ó shoin agus la amháín chuaidh sé a d'iasgaireacht le slat pholláin. Nuair a bhi sé tamaill ag iasgaireacht thainig uair[?] amháin isteach agus sciob sí amach é. Chuaidh an sceala amach annsin fo rabh sé báidhte.
    An oidhche roimhe Oidhche Shamhna bhi a mháthair i n-a suidhe go brónach sa teach nuair a shiubhail a mac is-teach a bhí báidhte. D'innis sé duíthe nár báitheadh eisean ar chor ar bith, gurabé an rud a tugadh as é. Dubhairt sé má bhí dúil aice é a fhághail arais go mbéádh sé ag gabháíl thart annseo san oidhche i mbárach ar uair an dó dheag. "Iarr ar m'athair," arsa seisean "braon biotáilte a fhághail agus cupla fear a
    chruinniughadh is iad seasamh ag taobh an t-srutháín atá ag gabhail síos le binn a'toighe. Bíodh timthire teallaigh ag m'athair ann a laimh," Nuair a mhothochas siad tormán ag teacht ná sgannraigheadh
    siad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí buachaill ann fad ó shoin agus lá amháín chuaidh sé a d'iasgaireacht le slat pholláin. Nuair a bhi sé tamaill ag iasgaireacht thainig uair amháin isteach agus sciob sí amach é. Chuaidh an sceala amach annsin go rabh sé báidhte.
    An oidhche roimhe Oidhche Shamhna bhi a mháthair i n-a suidhe go brónach sa teach nuair a shiubhail a mac is-teach a bhí báidhte. D'innis sé duíthe nár báitheadh eisean ar chor ar bith, gurabé an rud a tugadh as é. Dubhairt sé má bhí dúil aice é a fhághail arais go mbéádh sé ag gabháíl thart annseo san oidhche i mbárach ar uair an dó dheag. "Iarr ar m'athair," arsa seisean "braon biotáilte a fhághail agus cupla fear a
    chruinniughadh is iad seasamh ag taobh an t-srutháín atá ag gabhail síos le binn a'toighe. Bíodh timthire teallaigh ag m'athair ann a laimh," Nuair a mhothochas siad tormán ag teacht ná sgannraigheadh
    siad.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Cáit Nic Giolla Chearra
    Inscne
    Baineann
    Aois
    62
    Gairm bheatha
    Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Baile Mór, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Séamus Mac Lochlainn
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann