School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 245
- XML “Síscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag gáiridhe léithe agus sa deireadh thainig sí i bhfad le coirneál na pairce seo. Caide a chonaic sí annsin ach bocsa. Bhí dhá pháiste i n-a luighe ann agus iad ag caoineaadh go h-an truaghcánta. Ni thearn sí aon dath ach a lámh a thógail agus dá ubhail a bhaint de chrann a bhí ag n-a dtaobh agus iad a shíneadh fhad leis na páisti. Ni luaithe a bhi na h-ubhallai ithe aca na d'éirigh siad comh mór dóigheamhar le aon chailín a bhfacaidh tú ariamh. Bhi siad an bhuidheach don chailín agus thug siad bocsa beag duíthe. D'iarr isad uirthe, nach rabh aice ach buille beag a bhuaileadh ar an bhocsa agus athcuinge ar bith a ba mhian leíthe a iarraidh. D'fhág siad slán agus beannacht ag na cheile annsin agus d'imigh an cailín bocht a bealach féin.
Bhuail sí an bhocsa agus d'iarr sí ar mac Ri Chonnacht a theacht agus í a thabhairt leis. Níor luuaithe a bhi seo raithe aice nach rabh sé i n-a sheasamh ar an talamh le n-a taoibh. Chuaidh an bheirt aca isteach i gcóiste agus níor mhothuigh siad go rabh siad ag Caisleán Rí Chonnacht. Phósadh annsin iad agus chaith beatha shona sheanmhar i n-a dhiaidh sin.
Nuair a chualaidn ann leas mháthair an sceal chuir sí a inghean féin 'un t-siubhail. D'imigh sí léithe agus thainig sí fríd ach eile rud ach ni rabh sí comh adhamhaile le n-a leas-deirbhshiúir[?]. Nuair a thainig sí fhad leis an bhocsa ann a rabh na páistí níor thug sí aon dath amháin áirde ortha agus caidé a chonnaic(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Mac Niallghuis
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Baile Mór, Co. Dhún na nGall