School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 178
- XML “Scéal fán Diabhal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sceal fán DiabhalBhí fear Gallda ann aon uair amháin
agus bhí sé an sáidhbhir. Ní rabh aige ach inghean amháin. Bhí sise an-dóigheamhail agus ní rabh dul ag
a h-athair fear ar bith a fhághail duíthe a bhéadh maith go leor aice. Oidhche amháín thainig marcach
go dtí'n doras agus é cóirighthe go h-an mhaith. D'iarr fear a toighe air a theacht isteach. Thuirling sé
de'n bheathach agus thainig isteach. Nuiar a bhí sé tamall beag istoigh d'fiafruigh sé de(n) fhear
a' toighe a' mbéadh cluiche cárdaí aca. Dubhairt fear a toighe go mbéadh nó go rabh an-dúíl aige a n-imirt cárdaí. Thúsaigh an bheirt a d'imirt agus nuair a bhí siad tamall beag ag imirt thuit
ceann de na cárdaí faoín tábla. D'iarr an t-athair ar a n-inghean an cárda a thógail. Chrom sise síos go bhfaghadh sí an cárda agus nuair
d'amharc sí bhí cosa scoilte mar chosa bó ar an mharcach. Dubhairt sí le n-a h-athair go rabh gnaíthe aice amach leis agus d'innis sí dó caidé a chonaic sí. Bhí fhios aca annsin gurab'é an diabhal
a bhí ann. Ní rabh fios aca caidé a dhéanfad siad. Sa deireadh smaoitigh siad go rachad
siad fhad leis an mhinistear go bhfeicead siad a'ndéanfad seisean dadaidh daobhtha. Chuaidh siad
fhad leis agus dubhairt seisean nach dtiocadh leis(continues on next page)- Informant
- Pádraig Mac Seaghain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Cheapach, Co. Donegal
- Informant
- Tomás Mac Seaghain
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 94