School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 244

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 244

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 244
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Síscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a mharbhadh anois agus braon de'n uisce a chur air. Marbhadh é acht níor cuireadh braon de'n uisce air. Pósadh Éiric agus inghean Rí an Domhain Thoir annsin. Mhair féasta na bainnse naoi n-oiche agus naoi lá agus ba í an oidhche dheireannach an oidhche b'fhéarr. Chaith an lanamhain saogha sona séanmhar i n-a dhiaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. a mharbhadh anois agus braon de'n uisce a chur air. Marbhadh é acht níor cuireadh braon de'n uisce air. Pósadh Éiric agus inghean Rí an Domhain Thoir annsin. Mhair féasta na bainnse naoi n-oiche agus naoi lá agus ba í an oidhche dheireannach an oidhche b'fhéarr. Chaith an lanamhain saogha sona séanmhar i n-a dhiaidh sin.
    Siodh-Sceal
    Bhí baintreabhach ann aon uair amháin agus bhí dhá inghean aice. Bhí bean amháin aca iongantach deas ach bhí an bhean eile iongantach gránna. Bhi grádh mór ag an mháthair aar an bhean ghránna agus ní rabh meas ar bith aice ar an bhean dheas mar gur leas-inghean a bhí innte. Bhi ag an leas-inghean le ach uile rud ní ba chruaidh ná na chéile a dhéanadh agus bhí a inghean féin saor ó obair.
    La amháín chuir sí an leas-inghean ammach a romhar an talamh le liaghan. D'imigh an créatúr agus níor stad sí a romhar go rabh an fhuil ag reathaidh le n-a chuid mear. Ni rabh sí i n-innibh níos mo a dhéanadh agus shuidh sí síos agus chaoin uisce a cinn. Nuair a d'amharc sí thart bhi i s-toigh i lár caoin uisce agus sgannruigh sí go mór. Shuncail sí síos go dtí go bhfuiar sí tóin agus nuair d'amharc sí thart chonaic sí go rabh sí sa pháirc ba deise dá leag sí cos ariamh air. Dar leithe go rabh ach uile rud
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Mac Niallghuis
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Baile Mór, Co. Donegal