School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 251
- XML “Síscéal”
- XML “Gruagach na gCleas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)póca annsin agus thug sláman airgid do'n ghiorrsaigh . D'iarr sí uirthe an t-airgead a thabhairt abhaile leíthe. Nuair a bhí an ghiorrsach ag tarraingt comhgarach do'n teach thuit píosa de'n airgead as a póca. Thóg sí an píosa agus chuir sí i n-a beal é. Nuair a thainig sí isteach 'un toighe d'innis sí dha máthair caidé d'eirigh duíthe. Nuair a chuir sí a lámh ann a póca leis an airgead a thabhairt amach ní rabh ann ach slámán. Seamsóg[?] agus neantóg.Gruagach na gCleas.
Bhi fear i n-a chomhnuidhe i dteach uair amháin agus ní rabh duine ar bith eile sa teach acht é féin agus a mhac. Iasgaire a bhi san athair agus shil sé nuair d'eireochadh an mac mór go mbéad sé i n-a chuideadh mhaith de. Ach nuair d'éirigh an mac mór bhi sé amaideach agus ní rabh fhios ag an athair caidé dhéanfad sé leis. Lá amháin bhí an t-athair thíos ar an chladach agus chonaic sé bád ag tarraingt isteach ar an chladach agus fear innte. Bheannuigh sé d'on iasgaire agus bheannaigh an t-iasgaire dó. "Tá mac agat," arsa an fear coimhightheach. "Tabhair damh-sa do mhac go cionn la agus bliadhain agus béidh sé níos críonna ná thú féin nuair a thiocfas i ndiaidh an ama sin," Ba é an deireadh a bhí ar an chomhrádh go dtug an fear dó a mhac. Dubhairt an fear coimhightheach leis an iasgaire gurbé 'Gruagach na - Bhi fear i n-a chomhnuidhe i dteach uair amháin agus ní rabh duine ar bith eile sa teach acht é féin agus a mhac. Iasgaire a bhi san athair agus shil sé nuair d'eireochadh an mac mór go mbéad sé i n-a chuideadh mhaith de. Ach nuair d'éirigh an mac mór bhi sé amaideach agus ní rabh fhios ag an athair caidé dhéanfad sé leis. Lá amháin bhí an t-athair thíos ar an chladach agus chonaic sé bád ag tarraingt isteach ar an chladach agus fear innte. Bheannuigh sé d'on iasgaire agus bheannaigh an t-iasgaire dó. "Tá mac agat," arsa an fear coimhightheach. "Tabhair damh-sa do mhac go cionn la agus bliadhain agus béidh sé níos críonna ná thú féin nuair a thiocfas i ndiaidh an ama sin," Ba é an deireadh a bhí ar an chomhrádh go dtug an fear dó a mhac. Dubhairt an fear coimhightheach leis an iasgaire gurbé 'Gruagach na(continues on next page)
- Informant
- Brian hEigceartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal