School: Teileann

Location:
Teelin, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill

Filter stories

Back
/ 334 Forward
Resolution: Low | High
Teileann | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 302

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear in-a chomhnuidhe i dTeileann fad ó shoin darbainim dó Conall Pheadair. Chuir se beathach gearraín ar feárach go cnoc Iomaire Mhuráin. Lá amháin, thuit an gearrán le creig agus marbhadh é. Nuair a chonnaic theas an gearráin ag tuitim chruinnigh moran fear a dhamharc ar an gearran an áit i n-a rabh sé marbh. Damharc siad thart agus is an am cheudna tadh siad sluagh an bheatha ag tarraingt ar Chnó Shleíbhe (Sliabh Leag) agus iad ag tiomaint gearrán Chonnaill Pheadair rompa. D'altin na daoine annsin an gearrán agus bhí caithte ar an talamh an rud a fágadh ann a áit. Pill siad abhaile agus m' thearn siad moran cainnte air ní o . Ón lá sin ó shoin bheirtiar ar an áit Aillt an Ghearraín.

Bhí fear ann fad ó shoin i dTeileann agus sé an obair a thúsaigh sé air a dheánadh poitín. Ní bíodh an poitín leath-Reaithte aige go mbíodh an t-arm dearg sa mhullach air. Idir a chur amughe air agus a cháineadh bhí sé ar bhealach a bheirt ar fud na tíre aca. Ní thabhairfeadh rud ar bith air stad de'n phoitín. Ní raibh aige acht aon bheathach amaín

(continues on next page)
Informant
Seaghan Mac m Briartaigh
Gender
male
Age
45
Occupation
feirmeoir
Address
Ummerawirrinan, Co. Donegal
Language
Irish