Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 251

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 251

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 251
  3. XML “Síscéal”
  4. XML “Gruagach na gCleas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    póca annsin agus thug sláman airgid do'n ghiorrsaigh . D'iarr sí uirthe an t-airgead a thabhairt abhaile leíthe. Nuair a bhí an ghiorrsach ag tarraingt comhgarach do'n teach thuit píosa de'n airgead as a póca. Thóg sí an píosa agus chuir sí i n-a beal é. Nuair a thainig sí isteach 'un toighe d'innis sí dha máthair caidé d'eirigh duíthe. Nuair a chuir sí a lámh ann a póca leis an airgead a thabhairt amach ní rabh ann ach slámán. Seamsóg[?] agus neantóg.
    Gruagach na gCleas.
    Bhi fear i n-a chomhnuidhe i dteach uair amháin agus ní rabh duine ar bith eile sa teach acht é féin agus a mhac. Iasgaire a bhi san athair agus shil sé nuair d'eireochadh an mac mór go mbéad sé i n-a chuideadh mhaith de. Ach nuair d'éirigh an mac mór bhi sé amaideach agus ní rabh fhios ag an athair caidé dhéanfad sé leis. Lá amháin bhí an t-athair thíos ar an chladach agus chonaic sé bád ag tarraingt isteach ar an chladach agus fear innte. Bheannuigh sé d'on iasgaire agus bheannaigh an t-iasgaire dó. "Tá mac agat," arsa an fear coimhightheach. "Tabhair damh-sa do mhac go cionn la agus bliadhain agus béidh sé níos críonna ná thú féin nuair a thiocfas i ndiaidh an ama sin," Ba é an deireadh a bhí ar an chomhrádh go dtug an fear dó a mhac. Dubhairt an fear coimhightheach leis an iasgaire gurbé 'Gruagach na
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhi fear i n-a chomhnuidhe i dteach uair amháin agus ní rabh duine ar bith eile sa teach acht é féin agus a mhac. Iasgaire a bhi san athair agus shil sé nuair d'eireochadh an mac mór go mbéad sé i n-a chuideadh mhaith de. Ach nuair d'éirigh an mac mór bhi sé amaideach agus ní rabh fhios ag an athair caidé dhéanfad sé leis. Lá amháin bhí an t-athair thíos ar an chladach agus chonaic sé bád ag tarraingt isteach ar an chladach agus fear innte. Bheannuigh sé d'on iasgaire agus bheannaigh an t-iasgaire dó. "Tá mac agat," arsa an fear coimhightheach. "Tabhair damh-sa do mhac go cionn la agus bliadhain agus béidh sé níos críonna ná thú féin nuair a thiocfas i ndiaidh an ama sin," Ba é an deireadh a bhí ar an chomhrádh go dtug an fear dó a mhac. Dubhairt an fear coimhightheach leis an iasgaire gurbé 'Gruagach na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Brian hEigceartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall