Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 201

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 201

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 201
  3. XML “Na Trí Mná Naofa”
  4. XML “Síscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    i mbliadhantaibh bhíodh sí i gcomhnudhe ag guidhe Dé an triúr ban seo bheith aici i láthair a báis. Nuair a bhí sí sean bhuail claoidhteacht í. Bhi a deárthar i n-a chomhnuidhe comhgárach duíthe agus thigead sé a dh'amharc uirthí go minic.
    Oidhche amháin chuaidh sé a dh'amharc uirthe agus ag gabhail suas faoi'n teach casadh trí coinnle air. Nuair a chuaidh sé isteach 'an toighe bhí breitheamhnas Dé tugtha uirthí. Bhí sí marbh.
    Ba iad na trí coinnle na trí mná naomhtha a ghuidh sí ariamh anall bheith aici ar uair a báis. Ba mhaith an airidhe oirthí iad bheith i láthair.
    Siodh - Sceal
    Bhi lánamhain i n-a gcomhnuidhe i nGleann Gheis ins an t-sean-am.
    Oíchdhe Shamhna amháin ag gabhail ó solus de chuaidh an bhean amach indiaidh a cuid eallaigh. Nuair b'fhada leis an fhear a bhí sí amuigh chuaidh sé a cuartughadh. Indiaidh an cnoc a chuartugadh sháraigh sé air í a fhághail. Gháir sé ar na comhursannaibh agus indiaidh an t-iomlán dearg aca a bheith amuigh go maidín sháraigh sé ortha í a fhághail. Bhi fhios aca anois nach rabh an fághail uirthi agus bhí an fear an-bhuaidheartha.
    D'éirigh an sceala amach anois go rabh sí caillte. An foghmhar a thainig i n-a dhiaidh sin chuaidh an
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhi lánamhain i n-a gcomhnuidhe i nGleann Gheis ins an t-sean-am.
    Oíchdhe Shamhna amháin ag gabhail ó solus de chuaidh an bhean amach indiaidh a cuid eallaigh.
    Nuair bhfada leis an fhear a bhí sí amuigh chuaidh sé a cuartughadh. Indiaidh an cnoc a chuartugadh sháraigh sé air í a fhághail. Gháir sé ar na comhursannaibh agus indiaidh an t-iomlán dearg aca a bheith amuigh go maidín sháraigh sé ortha í a fhághail. Bhi fhios aca anois nach rabh an fághail uirthi agus bhí an fear an-bhuaidheartha.
    D'éirigh an sceala amach anois go rabh sí caillte. An foghmhar a thainig i n-a dhiaidh sin chuaidh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Cáit Nic Giolla Chearra
    Inscne
    Baineann
    Aois
    62
    Gairm bheatha
    Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Baile Mór, Co. Dhún na nGall