Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 239

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 239

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 239
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean-Sceal.
    Bhi sin ann agus is fada ó bhí. Bhí Rí ann uair amháin agus lá amháin bhi sé amuigh ag marcuidheacht sa choill. Shil sé gur mhothuigh sé caoineadh sa choill. Léim sé d'á chapall agus thug seanbhean a shúile. Bhí sí i gcoirneál na coilleadh agus í ceangailte se chrann mhór. Tharraing sé air a chlaidheamh agus ghéarr sé na rópaí a bhí thart uirthe. "De thairbhe sin," arsa an t-seanbhean, "Déanfaidh mise rud éiginteacht duit-se. Bhearfaidh mé pronntanas duit nach bhfuair tú a léitheid ariamh roimhe." Maith go leor," arsa an Rí, "tcífidh mé thí i mbárach.
    Ar maidin la thar na bhárach chuaidh an Ri fhad leis an t-seanmhnaoi airíst agus thainig sí amach i n-a arraicis agus bascóid leithe agus iasg ann. D'iarr sí air é a ithe agus nach mbéadh aon fhocal a labhairfeadh beathach ar an domhan nach dtuigfead sé é. Bhí luchgháir mhór air roimhe an phronntanas dheas. D'fhág sé slán agus beannacht ag an t-seanmhnaoi agus tharraing ar a'bhaile. Nuair a shroich se an baile d'iarr sé ar a chuid searbhfoghantaidhthe an t-iasg a dhéanadh réidh dó. Bhi fear amháin ann arbh'ainm do Éiric agus sé sin an fear a chuaidn a gcionn an éisc. Thug an Rí órdughadh do seo é bheith cinnte gan an t-iasg a bhlasadh nó a chuid mear a leighe i n-a dhiaidh. Gheall an searbhfoghanta sin dó. Bhruith sé a t-iasg agus nuair a bhi sé réidh aige dar leis go mblasfad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0554: The Grateful Animals
    AT0555: The Fisher and his Wife
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Mac Niallghuis
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Baile Mór, Co. Dhún na nGall