Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 231

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 231

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 231
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an dabhach sin a thionntughadh, nach rabh aondath faoi. Is beag a shil sé go rabh "Fear na Fírinne" faoi. Bhí an cat seo mór láidir agus é droch-mhúinte. Thusaigh sé a dh'innse a scéil féin. Dubhairt sé go rabh sé ag cuartuigheacht i dteach an Ríogh agus go rabh inghean an Ríogh ag ithe a dinnéara. Bhí ispíní mairt aige 'ghá n-ithe agus bhí dúíl ag an chat ann ach ní fhuair sé aon bhlas. Nuair nár thug sé aon dath dó bhain sé ribe nimhe as a ruball, d'fág i n-a chupa é agus tá sí leis an bhás ó shoin. Agus dubhairt sé nach rabh leigheas le fághail go bhfághad sé gloinne de'n phoitín iocshláinte a bhí i gcóirneal an bhalla.
    Bhí "Fear na Fírinne" ag éisteacht le cainnt na gcat agus nuair a fuair sé na cait ar siubhail lá thar na bhárach thainig sé ar an phoitín iocshlainte. Chuimil sé ar a chuid súl é agus bhí an t-amharc aige comh maith is a bhi ariamh. Fuair sé sean-bhailcisí éadaigh, chuir air iad agus níor stad sé go dteachaidh sé go dtí teach an Ríogh.
    Bhí teach an Ríogh lán de dhoctúirí roimhe ag iarraidh inghean an Ríog a leigheas. Bhí sé geallta ag an Rí cé bith doctúir a leigheasfadh í go bhfuighead sé í le pósadh. Bhuail seisean ag an doras. Thainig dóirseoir amach agus d'fiafruigh se "Fear na Fírinne" cé é féín. D'fhreagair seisean gur dochtúir a bhí ann. D'innis an dóirseoir dó go rabh an teach lán de dhochtúirí agus nach rabh aonduine ag déanamh aon mhaith duithe, Dubhairt "Fear na Fírinne" go leigheasfad seisean í.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Mac Niallghuis
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Baile Mór, Co. Dhún na nGall