Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 211

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 211

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 211
  3. XML “Scéal fá Bhunadh na gCnoc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sceal fá Bhunadh na gCnoc
    Bhí beirt fhear i n-a gcomhnuidhe i dTeileann aon uahir amháin. Bhí morán caorach aca i bhFochar Fhraoich. Bhi caora amháin caillte ag fear aca agus bhí sé i dtólamh ag iarraidh ar an fhear eile a ghabhail leis go Fochar Aodh go bhfeicead siad a' rabh sí ann. Bhi an fear eile ag rádh go rachadh acht leig sé thaire na chluasa é nó go dtí maidín Dia Domhnaigh amháin a bhí siad i n-a suidhe thart fán teinidh indiaidh éirigh. Ní rabh ceachtar aca ag an Aifreann. Arsa fear aca leis an fhear eile, "Anois an t-am againn a ghabhail go Fochar Fhraoich agus an chaora atá caillte againn a chuartughadh." "Maith go leor," arsa an fear eile, "ní féárr dúinn ar bith rud a dhéanfaimid na a ghabhail nuair atá an la maith."
    D'imigh siad leobhtha. Bhí an bealach fada acht ní rabh an bheirt fhear i bhfad ag cur an bhealaigh tharstú. Nuair a shroich siad Fochar Fhraoich bhí siad tuirseach go leor. D'imigh fear aca go bhruach na n-allt a chuartughadh an chaora a bhí caillte aige. Agus d'imigh an fear eile a d'amharc uaidh. Nuair a thainig an fear a chuaidh go bruach na n-allt fhad leis an allt d'amharc sé síos go bhfeiceadh sé an ann a bhi an chaora. Acht caidé chonnaic sé acht bean is leanbh i n-a h-ucht agus í ag cíoradh a cinn. Fhobair gur thuit an fear as a sheasamh nuair a chonnaic sé seo. Agus níl ann acht gur éirigh leis an áit a rabh an fear eile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seaghan Mac Seaghain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Baile Mór, Co. Dhún na nGall