School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 174
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag fanacht leis agus go mbunfeadh siad an t-ór dé ar a bhealch abhaile. D'iarr an sean- Spáinneach ar a chomráduidhe sul a bhfuair sé bás é a chur i bPoll An Airgid, áit atá comhgarach do'n Chloichlim, i Mucros, i bParráiste Chille Chartha.
D'iarr sé air fosda a chuid óir a chur lé na thaoibh agus a mhadadh a chur lé na thaoibh sin. Rinne an fear seo mar h-iarradh air. Shíl sé da gcuirfeadh sé an t-ór annsin nach mbéadh moill air a fhágail am éiginteacht eile i ngan-fhios dó muintir Teidhlinn. Lá amháin cupla seachtmhain ‘na dhiaidh sin táinic sé go Poll An Airgid arís leis an ór a fhágháil. Ach nuair a thoisigh sé ag róbhar fá na choinne d’éirigh sé comh lag sin a’s nach rabh sé ábalta an spád a thógáil. Rinne cupla duine eile as Teidhleann iarraidh leis an phota óir chéadna a fhághail ach tháinic an lagacht céadna ortha as tháinic ar an Spáinneach. D’eirtear gur madadh atá mar gárda ar an ciste óir sin.
Oidhche amháin bhí fear darbh ainm Tamaí Andaí as an Ghort t-Sáile ag teacht isteach ó Bhaile An Droicid (Cill Cartha). Nuair a bhí sé ar an bealach idir Allt A’ Tairbh agus Cloichim, rith an madadh mór dubh roimhis ar an bhealach Mór agus rud cruinn mar bhéadh pota ceangáilte thart fa na mhuineál. Shíl sé céad uair gur madadh éiginteacht a bhí ag marbhadh caorach a bhí ann agus gur cheangail buachaillí(continues on next page)- Informant
- Séamus Ua Míodhacháin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall