Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Straleel
- XML Leathanach 6
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí rí sa domhan thiar am amháin agus bhí triúr nighean aige.”
Bhí rí fa domhan thiar am amháin agus bhí triúir nighean aige. Lá amháin chuaidh sé fhéin agus an banríoghan amach a’ sheilg. Teacht abhaile daobhtha san oidhche bhí na triúir nighean goidhte. Annsin chuir an rí sgéal amach fríd an domhan gur goideadh a thriúir nighean. D’iarr sé ar lucht an domhain a theacht go dtí na chuairt.
Bhí rí sa domhan shoir an tam sin fosta agus bhí triúir mac aige. Chulaidh na mic seo iomradh fá dtaobh de’n rud a tharluigh do triúir nighean róigh a’ domhain thiar. Dubhairt siad le na náthair go dtiocadh siad a dh’amharc fá dtaobh daobhtha. Ghlac sé iad bliadhan agus lá le theacht. Nuair a fuair siad fhad leis an domhan thiar bhí lucht an domhain cruinnighste annsin rompa.
Bhí sgonnsa mór ann. Dubhairt an rí na triúir ghaisgeacha a b’fhearr a ghlanadh an sgonnsa sin ar dhruim bheaitigh sin an triúir a b’fhearr le cur ar shiubhal a d’amharc fá na thriúir nighean-sa. Ghlan triúir mac róigh an domhain shoir an sgonnsa agus dubhairt an rí gurb iad-san a d’imtheochadh. Thug sé isteach iad an oidhche sin agus fuair sé suipéir daobhtha. Chuaidh siad a luighe. Maidin lá thar na bharach rinne siad réidh le h-imtheacht. Bhí tríomhadh mac cineál amaideach agus níor mhaith leis na mic eile é bheith leobhtha acht léan a’ tamadán iad.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Nic Bhriartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Gáibhtheacháin
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60