School: Straleel (roll number 16033)

Location:
Srath Laoill, Co. Donegal
Teacher:
Brian Ó Breisleáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 6

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 6

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Straleel
  2. XML Page 6
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí rí sa domhan thiar am amháin agus bhí triúr nighean aige.

    Bhí rí fa domhan thiar am amháin agus bhí triúir nighean aige. Lá amháin chuaidh sé fhéin agus an banríoghan amach a’ sheilg. Teacht abhaile daobhtha san oidhche bhí na triúir nighean goidhte. Annsin chuir an rí sgéal amach fríd an domhan gur goideadh a thriúir nighean. D’iarr sé ar lucht an domhain a theacht go dtí na chuairt.
    Bhí rí sa domhan shoir an tam sin fosta agus bhí triúir mac aige. Chulaidh na mic seo iomradh fá dtaobh de’n rud a tharluigh do triúir nighean róigh a’ domhain thiar. Dubhairt siad le na náthair go dtiocadh siad a dh’amharc fá dtaobh daobhtha. Ghlac sé iad bliadhan agus lá le theacht. Nuair a fuair siad fhad leis an domhan thiar bhí lucht an domhain cruinnighste annsin rompa.
    Bhí sgonnsa mór ann. Dubhairt an rí na triúir ghaisgeacha a b’fhearr a ghlanadh an sgonnsa sin ar dhruim bheaitigh sin an triúir a b’fhearr le cur ar shiubhal a d’amharc fá na thriúir nighean-sa. Ghlan triúir mac róigh an domhain shoir an sgonnsa agus dubhairt an rí gurb iad-san a d’imtheochadh. Thug sé isteach iad an oidhche sin agus fuair sé suipéir daobhtha. Chuaidh siad a luighe. Maidin lá thar na bharach rinne siad réidh le h-imtheacht. Bhí tríomhadh mac cineál amaideach agus níor mhaith leis na mic eile é bheith leobhtha acht léan a’ tamadán iad.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Nic Bhriartaigh
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    An Charraig, Co. Donegal
    Informant
    Seamus Ó Gáibhtheacháin
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Age
    60