Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)

Suíomh:
Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brian Ó Breisleáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 30

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 30

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Straleel
  2. XML Leathanach 30
  3. XML “Séamus Ó Frighill agus na Siógaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ina comhnuidhe ins na Rosaibh uair amháin d’arb ainm do Séamus Ó’Frighill. Bhí sé posta acht ní raibh muirigheann ar bith aige. Bhí sé fhéin agus a bhean in a gcomnuidhe i gcró bheag toighe ar thaoibh sleibhe. Bhí sé an bhocht. Bhí an tocras ortha lá amháin agus dubhairt an bhean le na fear lá amháin go gcaithfeadh sé an bhó amháin a bhí aca a dhíol. D’imthigh Séamus leis an bhó. Bhí aonach ar an Chlochan Liath an lá seo. Nuair a bhí sé ag ceann an bhaile casadh fear beag ruadh air. “Cá bfuill tú ag dul leis an bhó sin” arsa an fear beag ruadh. “Caidé bhéinn ag dul a dhéanamh leithe acht ag dul d’á díol”. arsa Seamus. “Bhal” arsa an fear beag ruadh.’ “Bhearfaidh mise deich bpúnta duit uirthí glac é nó na glac”. “Maise chá nglacaim leoga” arsa Seamus ag [toi?] an bhó ar siubhal. Chuaidh sé ‘un aonaigh. Níor fhiafruigh duine nó tachran dó an lá sin cá raibh sé ag dul leis an bhó. Nuair a bhí sé ag teacht amach ag ceann an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Charraig, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mag Fhionghaile
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Charraig, Co. Dhún na nGall