Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Straleel
- XML Leathanach 134
- XML “Roiciad Mór agus a Láirín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann aon uair amháin darbh ainm Peadar Mór. Ba ghnáthach leis a bheith ag deánamh póitín, agus dá dhíol ins na Cealla Beaga. Bhí sé fhéin agus a athar agus a dhéirbhshiúr ag deánamh réidh le h-imtheacht le trí cheig poitín. Shuidh Peadar faoi an fhuinneóig go mbainfeadh sé an fhéasóg dó fhéin sul a n-imtheochadh siad. Acht nuair a bhí sé leath réidh, tháinig triúr de na gárdaí síothchana isteach agus arsa siadsan le Peadar. “Tcím go bhfuil”, arsa Peadar, acht le mur dtoil tabharaigidh faill damh an fhéasóg a bhaint damh fhéin.
Nuair a bhí sé réidh nigh se a éadan agus nuair a bhí sé ag dul suas an t-urlar léim fear aca air go ndránfadh sé príosúnach de, acht bhuail Peadar dorn air agus leag sé é. Annsin léim an fear eile air acht rinneadh an cleas céadhna leis sin fosda. Annsin léim an tríomhadh fear air agus bhuail Peadar dorn airsean fosda. Bhí an triúr na luighe ar an urlar agus iad na gcodhladh. Agus arsa Peadar le na dhéirbhshiúr “creadim go bhfuil fhios agat-sa áit a gcuirfhea na trí gunna sin san chruth nach bhfeicfeadh aon nduine a choidhche iad.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Toireasa Nic Amhlaoibh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Ó Breisleáin
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall