School: Straleel (roll number 16033)

Location:
Srath Laoill, Co. Donegal
Teacher:
Brian Ó Breisleáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 134

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 134

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Straleel
  2. XML Page 134
  3. XML “Roiciad Mór agus a Láirín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann aon uair amháin darbh ainm Peadar Mór. Ba ghnáthach leis a bheith ag deánamh póitín, agus dá dhíol ins na Cealla Beaga. Bhí sé fhéin agus a athar agus a dhéirbhshiúr ag deánamh réidh le h-imtheacht le trí cheig poitín. Shuidh Peadar faoi an fhuinneóig go mbainfeadh sé an fhéasóg dó fhéin sul a n-imtheochadh siad. Acht nuair a bhí sé leath réidh, tháinig triúr de na gárdaí síothchana isteach agus arsa siadsan le Peadar. “Tcím go bhfuil”, arsa Peadar, acht le mur dtoil tabharaigidh faill damh an fhéasóg a bhaint damh fhéin.
    Nuair a bhí sé réidh nigh se a éadan agus nuair a bhí sé ag dul suas an t-urlar léim fear aca air go ndránfadh sé príosúnach de, acht bhuail Peadar dorn air agus leag sé é. Annsin léim an fear eile air acht rinneadh an cleas céadhna leis sin fosda. Annsin léim an tríomhadh fear air agus bhuail Peadar dorn airsean fosda. Bhí an triúr na luighe ar an urlar agus iad na gcodhladh. Agus arsa Peadar le na dhéirbhshiúr “creadim go bhfuil fhios agat-sa áit a gcuirfhea na trí gunna sin san chruth nach bhfeicfeadh aon nduine a choidhche iad.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Toireasa Nic Amhlaoibh
    Gender
    Female
    Address
    An Bogach, Co. Donegal
    Informant
    Brian Ó Breisleáin
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Age
    40
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    An Charraig, Co. Donegal