School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 144
- XML “Scéal Beag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal Beag
“Bhí fear ann aon uair amháin agus is fada o bhí. Bhí sé ag éirghe sean agus shíl sé go bpósfadh sé.”
Bhí fear ann aon uair amháin agus is fada o bhí. Bhí sé ag éirghe sean agus shíl sé go bpósfadh sé. Bhí triúr cailíní aige agus ní rabh fhios aige cé acú den triúr seo a phosfadh sé.
Bhí sean bhean ar an bhaile agus chuaidh sé chuicí agus d’innis a sgéal díthe. Go rabh sé a bráth pósadh agus go rabh triúr cailíní aige agus nach rabh fhios aige cé acú den triúr a phosfadh sé. Dubhairt sise leis a ghabhail chuig bean acú achan oidhche agus theacht cuicí ar an ceathramhadh oidhche agus go n-innseadh sise do caide’n bhean is fearr aige.
Chuaidh sé chuig an chéad cailín. Bhí sí na suidhe ag an teine nuair a chuaidh sé isteach. D’fhan sí annsin go rabh am codlatha ann. Annsin d’éirigh sí agus nigh sí na préataí le na cosa Chur sí na préataí ar an teine agus nuair a bhí siad bruidhte thóg sí na préataí. Dith an fear a suipear agus chuaidh sé abhaile.
Chuaidh sé chuig an dara teach bhí an cailín na suidhe ag an teine fosta, cosamhail leis an cailín eile. Dfhan sí ag an teine go rabh am codhlatha ann. Annsin d’éirigh sí agus nigh sí na préataí le bata. Nuair a bhí na préataí réidh d’ith sé a shuipear agus chuaidh sé abhaile annsin.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghóill
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Eamonn O Breislin
- Gender
- Male
- Address
- Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall