Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)

Suíomh:
An Chruach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Duibhir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 123

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 123

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruach
  2. XML Leathanach 123
  3. XML “Scéal Chamach na Luatha Buí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Lá thar na mharach chuaidh an leas-mhathair chuig an fhéasta arais agus nuair a fuair an Camach ar shiubhal iad chuaidh sí go h-uaigh a mhathair agus d’iarr sí ar an Colman a bhí ar bharr an chrainn culaith eaduigh agus péire bróga a chaiteadh anuas chuicí. Chaith an Cholman chuicí culaith de síoda gheal agus bróga a rabh dat airgead ortha.
    Nigh sí agus ghlan sí agus choirigh sí í fhéin agus d’imthigh léithe chuig an fheasta ach níor luaithe a tháinig sí ‘un toigh nó d’aithin an prionnsa óg í agus thug leis a damhsa.
    Dhamhsaigh siad leo go tráthnóna go dtí gur dhubhairt an Camach go rabh an t-am aicí a dhul na bhaile. Dubhairt an prionnsa óg go mbéadh sé léithe agus d’imthigh an bheirt, ach nuair a tháinig siad fhad le teach a h-athara chuaidh an Camach I bhfolach agus ach oiread is dá slugadh an t-ear nó an talamh í ní rabh an darna amharc le feiceal aige uirthí. An tríomhach lá chuaidh an leas-mhathair agus an beirt nigheanach chuig an fhéasta agus nuair a fuair an Camach ar shiubhal iad chuaidh sí fhéin go h-uaigh a mathair agus d’iarr sí ar an Cholman culaith eaduigh agus péire bróga a chaitheach anuas chuicí. Chaith an Cholman anuas cucaí culaith a bhí fighte fuaighte le órnáidhe agus bróga a rabh dath óir ortha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge