Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 116
- XML “Scéal Dhonnchaidh Mhóir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann uair amháin a dtugadh siad Donncadh Mhór air. Bhí se an díoganta. Bhíodh sé ag an Áifreann achan Dómhnach. Bhí sé ag dul ‘un Áifreann Dómhnach amháin agus casadh fear air a dtugadh siad Gaduidhe an t-Sléibhe Ruaidhe air.
D’fhiafruigh Donncadh dó an mbíodh sé ag an Áifreann agus dubhairt seisean nach rabh sé ag an Áifreann a choidhche. D’fhiafruigh Donncadh do annsin goidé an cineal oibre bhíodh aige nuair nach dtéigheadh sé ‘un Áifreann. Dubhairt Gaduidhe an t-Sléibhe Rúaidhe leis go rabh a Athair agus a mhathair i g-clíabhan aige agus go rabh sé ag tabhairt aire daobhtha.
“Bháil”, ars Donncadh, “is fearr duit gleasadh ort’s a bheith liom”.
D’imthigh an bheirt leobhtha annsin go toigh an Phobail. Nuair a chuaidh siad isteach tháinig sgáile na gréine isteach ar an fhuinneóg. Chaith Gaduidhe an t-Sléibhe Rúaidhe a chóta mór ar an sgáile sin agus chonbuigh sé súas é. Thug an sagart fa dear gur chonnuigh an sgáile súas an chota agus chonnuigh sé a shúil ar Ghaduidhe an t-Sléibhe Rúaidhe.
An darna Dómhnach chúaid sé ‘un Áifreann arís le Donncadh Mór agus chaith sé a chota ar sgáile na gréine. Leig sí síos a iarraidh seo é. Chuaidh an sagart é fhéin a’ chainnt le Gaduidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Maighreadh Ní Dhuibhir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padraig A Beirne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Mhín Bhog, Co. Dhún na nGall