School: Cruach (roll number 15931)

Location:
Croagh, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Duibhir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 116

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 116

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruach
  2. XML Page 116
  3. XML “Scéal Dhonnchaidh Mhóir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann uair amháin a dtugadh siad Donncadh Mhór air. Bhí se an díoganta. Bhíodh sé ag an Áifreann achan Dómhnach. Bhí sé ag dul ‘un Áifreann Dómhnach amháin agus casadh fear air a dtugadh siad Gaduidhe an t-Sléibhe Ruaidhe air.
    D’fhiafruigh Donncadh dó an mbíodh sé ag an Áifreann agus dubhairt seisean nach rabh sé ag an Áifreann a choidhche. D’fhiafruigh Donncadh do annsin goidé an cineal oibre bhíodh aige nuair nach dtéigheadh sé ‘un Áifreann. Dubhairt Gaduidhe an t-Sléibhe Rúaidhe leis go rabh a Athair agus a mhathair i g-clíabhan aige agus go rabh sé ag tabhairt aire daobhtha.
    “Bháil”, ars Donncadh, “is fearr duit gleasadh ort’s a bheith liom”.
    D’imthigh an bheirt leobhtha annsin go toigh an Phobail. Nuair a chuaidh siad isteach tháinig sgáile na gréine isteach ar an fhuinneóg. Chaith Gaduidhe an t-Sléibhe Rúaidhe a chóta mór ar an sgáile sin agus chonbuigh sé súas é. Thug an sagart fa dear gur chonnuigh an sgáile súas an chota agus chonnuigh sé a shúil ar Ghaduidhe an t-Sléibhe Rúaidhe.
    An darna Dómhnach chúaid sé ‘un Áifreann arís le Donncadh Mór agus chaith sé a chota ar sgáile na gréine. Leig sí síos a iarraidh seo é. Chuaidh an sagart é fhéin a’ chainnt le Gaduidhe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Language
    Irish
    Collector
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Maighreadh Ní Dhuibhir
    Gender
    Female
    Address
    Croagh, Co. Donegal
    Informant
    Padraig A Beirne
    Gender
    Male
    Age
    75
    Address
    Meenbog, Co. Donegal