Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)

Suíomh:
An Chruach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Duibhir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 86

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 86

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruach
  2. XML Leathanach 86
  3. XML “Dhá Chluais Chapaill ar Luibhir Ó Luirc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Rí i n-Éirinn fad ó shoin darbh ainm Luibhir Ó'Luirc, agus bhí dhá chluais chapaill air.
    Níor mhaith leis duine ar bith seo a fhághail amach, nó dá bhfuigheadh chailleadh sé a chóróin. Achan duine a mbearrfadh é cuirfeadh sé 'un bhais é ar eagla go n-innseochadh sé do dhuine ar bith caidé'n cineál cluasa a bhí air.
    Bhí fhios ag na daoine go gcuirfeadh sé iad seo 'un bháis ach ní rabh fhios aca ca tuige.
    Aon lá amháin d'iarr sé ar mac baintreabhuighe a bhí san áit é a bhearradh.
    Tháinig mac na baintreabhuighe agus ní fá dheifre.
    Nuair a thóg sé an hata dó'n Rígh a brath é a bhearradh chonnaic sé cluasa an chapaill, agus ní rabh ann ach nar thuit sé i luige, agus dubhairt sé nach mbearradh sé é ar chor ar bith.
    D'iarr seisean air é a bhearradh agus nach muirfeadh sé é dá gcéilfeadh sé a bhfaca é.
    Thoisigh mac na baintreabhuighe agus bhearr se é, agus thug an baile amach slán sabhailte agus ní thiocadh ionghantas na gcomharsanach a innse.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0782: Midas and the Ass's Ears
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Aodh Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    20
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall