Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)

Suíomh:
An Chruach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Duibhir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 115

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 115

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruach
  2. XML Leathanach 115
  3. XML “Siógaí Dhún Gheanainn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    rinne an fear beag ribeach Ruadh le dhá mhac deug Gruagach A Gaire. Dubhairt Síogaidhe annsin leis an fear beag ribeach Ruadh go reabadh sé an binn agus go gcuirfeadh sé deireadh aca ‘un bhais, mar dtabhradh sé a dhá mhac deug, a dhá chú deug, a dhá bheath deug agus a dhá seobhach deug do Gruagach A Gaire agus le cois a úbhall, a shiúl agus a gháire. Chuaidh an fear beag ribeach Ruadh agus shéid sé a ánal os cionn an coraigh galach a bhí ann agus léim dhá mhac deug (7 r l) amach as an choraigh sleamhain, slíoctha slán. Séid sé a ánal aris (os cionn an coraigh) I mbeul Gruagach A Gaire agus fuair sé a’ ghaire. Shéid sé a ánal isteach ina a shiúl agus fuair sé amharc na súile agus annsin thug sé an t-úbhall dó. Mar sin de fuair sé a shiúl, a ubhall agus a gháire le cois a dhá mhac deug, a dhá chú deug, a dhá bheath deug agus a dhá seobhach. Chuaidh Síogaidhe Dhún Geannain agus Gruagach A Gaire agus an t-iomlan abhaile annsin. D’innis Síogaidhe do Gruagach caide mhar bhí agus an t-adhbhar a d’fhág sé ar an sgéal a innseacht. Chuaidh Síogaidhe é fhéin fhad le inghean Ríogh na h-Eireann annsin agus bhí sise tailteanach é a phosadh. Rinne sí sin. Bhí baineis aca a mhair lá agus bliadhain.
    Ní rabh dhá ghreim de aon bhidhe ann, blas meala a gach aon greim agus bhfearr I bhfad an lá deireannach no an cuid eile uilig. D’ól siad agus cheol siad agus dh’amhsaigh siad a sáith agus nuair a thuit siad uilig thart na gcodhladh bhain mise an baile amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    15
    Faisnéiseoir
    Sean Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Mín na Cloiche, Co. Dhún na nGall