Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)

Suíomh:
An Chruach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Duibhir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 122

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 122

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruach
  2. XML Leathanach 122
  3. XML “Scéal Chamach na Luatha Buí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    cruinniú as na luaidh ar aon ceann agus ceann I ndeich bomaite go dtiocfadh léithe dul chuig an fhéasta. Chuaidh an Camach go h-uaigh a mathair agus d’iarr sí cuideadh ar a’ Cholman agus a bhfaiteadh na súil ní rabh éan ‘san áltain nach rabh aicí ag cuideadh léithe agus I gcúig mbomaite bhí an obair deánta ach indiaidh an iomlán ní tabharfadh an leas-mhathair cead díthe a dhul chuig an fhéasta. D’imthigh si fhéin agus a chuidh nighneach. Nuair a fuair a Camach ar shiubhal iad chuaidh sí go h-uaigh a mathair agus d’iarr ar an Cholman culaith éadaigh agus péire bróga a chaitheadh anuas chuici. Chaith an Colman culaith síoda dearg agus bróga dearg cuicí.
    Choirigh sí í fhéin go galanta agus d’imthigh sí chuig an fhéasta. Níor aithin duine ar bith í. Shíl siad uilig gur ingheann Riogh a bhí inntí a tháinig as tír coimhthigheach. Chuir an prionnsa óg connrughadh inntí mar dhuine agus thug leis a dhamhsaí. Dhamhsaigh siad leo go tráthnóna agus le teacht na h-oidhche dubhairt an Camach gur mhithid díthe a dhul abhaile. Dubhairt an Prionnsa óg go mbéadh sé léithe nó ba mhaith leis a fhághail amach ca rabh sí na comhnuidhe. D’imthigh an bheirt ach nuair a bhí siad I n-aice le teach a h-athair chuaidh sí I bhfolach air agus ní rabh an darna amharc le feiceal uirthí.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge