Scoil: Cúl na Heórna, Carraig na Siúire (uimhir rolla 4136)
- Suíomh:
- Cúil na hEorna, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Mairéad, Bean Uí Aiseadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Ghrian. Nuair a bhíonn dath dearg ar an speir agus an ghrian ag eirighe agus nuair a théigheann an dat i méid agus nuair a leathnuigheann sé in airde sa spéir deirtear go mbeidh stoirmeacha agus aimsear fliuch ann.An Ghealach. Nuair a bhíonn cioth nó ceó ar an gealaigh deirtear gur comhartha fearthainne é
Nuair abhíonn an ghealach nua 'na luighe ara dhruim, comhartha droc-aimsire seadh é, i rit na miosa ina dhiaidh sin.Na hAimhnidhthe:- Suidheann an cat agus a dhrom leis an dteine nuair a bhíonn an aimsear fuar fluich. Nuair a bhíonn an aimsear fluich ag teacht tagann na caoirigh aníos ós na sléibhte agus fanaid ag inbhear ag bun na sléibte.Ceó. Nuair a bhíonn ceo ar bhárr na sléibhte agus nuair bhíonn sé ag gluaiseacht i dtreo na farraige deirtear gur cómhartha deagh-aimsire é. Nuair a bhíonn sé ag teach ó'n bfairrge agus ag dul i dtreó na talmhan, cómhartha fearthainne 'iseadh é.Seana-Ráidte
"Caipín ar Chruachán agus Comsingáin ag caitheamh píopa. Sin rian fearthainne."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dálaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chluana, Co. Phort Láirge