Scoil: Cúl na Heórna, Carraig na Siúire (uimhir rolla 4136)
- Suíomh:
- Cúil na hEorna, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Mairéad, Bean Uí Aiseadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá dhá Reilg sa Paróiste Cluain Fhiadh - Reilg nua i Cluain Fhaid inaice an Seipéil agus sean reilig i Maothail. Cuirtear daoine i ngach ceann aca. Tá an sean reilig i Maothail suidte san áit ina rabh Mainistir San tsean aimsir.
bha iad na
a tógta an Mainistir seo timceall na bliana 890 A.D. Nil ach cuid de Falla ar an taobh theas agus cuid den bheann ann anoir. Ba é Naomh brógán an tarna Abbé. Cuirteas daoine ins an sean reilig fós. Tá a lán sean croiseanna agus sean tuambaí ann. Is deacair an foirsgribhneoíreacht[?] ar a lán acha do léigeamh mar tá siad ann le ceadta agus ceadta bliana.Tá trí reiligí diomhaine sa ceanntair inaice na Scoile - ceann aca i Cul na hEórna, ceann eile i Cill Cluana agus ceann eile i Ros.Tá feirmeoír ina chomhnuidhe ar feirm i Cul na hEórna -Seán ó Mathgamhna is ainm dó. Bhí sé ag creabhad páirc ar an bhfeirm timceall cuig bliana ó shoinn agus do fuair sé píosaí de shean-croiseanna ann Deirtear go raibh reilg agus Seipéal san páirc sin fadó. Tugtar "Cill baile breacáin" ar an páirc sin fós.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dálaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chluana, Co. Phort Láirge