Scoil: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 3549)
- Suíomh:
- An Teampall Geal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Liam Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí garsún beag ag tig a aintin aon oidhche amhain.”
Bhí garsún beag ag tigh a aintin aon oíche amháin. Bhí sé ag ól té agus bhí pláta leite ar an mbórd. Ní íosfadh sé aon leite sa mbaile ach do ith sé an leite seo go maith. Sé an rud a dúirt a mháthair ná "Bíonn blas milis ar phuirseach na gcomharsan".- Bailitheoir
- Bhrighidh Ní Colbert
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Cáintigh, Co. Phort Láirge
(gan teideal)
“Deirtear go raibh táilliúir cun culaith eadach do dhéanamh.”
Deirtear go raibh táilliúir i mBaile Maol Alla fadó. Uair chuaidh fear go dtí an táilliúr cun culaith eadach do dhéanamh. Ní raibh an táilliúr seo tar éis culaith éadach a dhéanamh riamh ina shaol. Arsan fear leis "D-airigheas go raibh tú go an-mhaith chun culaith éadaigh do dhéanamh". "Ó tá mé" arsan táilliúr. Thug an fear an éadach don táilliúr agus d'imigh sé. Tar éis trí seachtaine tháinigh sé thar n-ais. Bhí an culaith déanta ag an táilliúr. Nuiar do chuir an fear an culaith bhí sé déanta go h-an-olc. Bhí troid mór idir an beirt aca agus ní tabharfadh an fear aon airgead don táilliúr.- Bailitheoir
- Caitlín Ní Fionngaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Táilliúra Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Riordáin
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Baile Uí Mhaolalaidh Thiar, Co. Phort Láirge