Scoil: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 3549)
- Suíomh:
- An Teampall Geal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Liam Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá páirc in aice mo thighe agus tugtar Árd Chromaill air. Deirtear nuair a bhí Cromaill ag dul ó Dúngarbhán go dtí Eochaill nuair a bhí sé thuas ar cnoc beag ins an bpáirc sin gur chonnaic sé Caisleán Cnoc Meadhon. Do chaith sé piléar leis an gcaisleán agus do leag sé é. Ón lá sin go dtí an lá seo tugtar Árd Chromaill ar an bpáirc seo.
- Bailitheoir
- Garry Ryall
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Droichid, Co. Phort Láirge
(gan teideal)
“Bhí garsún ann uair agus ní raibh sé acht naoi bliana núair a fúair a athair agus a mháthair bás.”
Bhí garsún ann uair agus ní raibh sé acht naoi bliana núair a fúair a athair agus a mháthair bás. Ní raibh aon deartháir ná driofúir aige. Bhí duine ina chónaí in aice leis agus thógadar an garsún seo. Ní raibh ins an tigh ach beirt cailíní agus bhí an-ghrá acu don garsún. Dúradar leis go bhfaigheadh sé an tigh nuair a gheobhaidís féin bás. Fuaireadar bás agus fuiar sé an tigh deas uatha. Bhíodh sé amuigh go dtí an t-am mharbh den oíche gach oíche agus raghaidh isteach go dtí an reilig ina raibh a athair curtha ag paidireoracht ar an uaigh. Chuaidh sé istech an oíche seo agus bhí sé ar meisce. Chuaidh sé suas thaobh an séipéil amuigh agus chonaic sé an beirt cailíní lena raibh sé ina chónaí leo ag seasamh ar a n-uaigh féin. Chuaidh sé suas agus níor thug sé aon suim ortha. Nuair a bhí sé gairid dóibh rugadar air agus chuireadar lasmuigh den geata é.(leanann ar an chéad leathanach eile)